Gael-bhratach 2025

Gaelbhratach

Our school is participating in our second year of the Gaelbhratach initiative to promote the speaking of Irish outside of the classroom. We are now embarking on our third year.  Is scéim gradaim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge
agus feasacht ar an teanga a chur chun cinn tríd an scoil ar fad agus sa phobal lasmuigh di.

Cén fáth gur fiú don scoil páirt a ghlacadh?
1. Spreagfaidh Gaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina hiomláine

2. Cuirfidh Gaelbhratach le híomhá dhearfach na
Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh di

3. Ardóidh Gaelbhratach feasacht i measc na scoláirí ar an saol Gaeilge lasmuigh den scoil

4. Beidh níos mó spéise ag na scoláirí sa Ghaeilge
5. Spreagfaidh Gaelbhratach ceannaireacht i measc na scoláirí
6. Cumasófar na scoláirí le gníomhú le húsáid naGaeilge a chur chun cinn sa scoil
7. Cruthóidh Gaelbhratach gréasán oibre idir na scoláirí, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
8. Beidh a fhios ag scoláirí, foireann na scoile agus ag tuismitheoirí poitéinsiúil go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus cur chun cinn úsáid na Gaeilge
9. Beidh an scoil páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn
10. Nuair a chomhlíonfar na céimeanna go sásúil, bronnfar Gaelbhratach ar an scoil. Beidh sé mar chomhartha aitheantais ar an obair ar fad a bheidh déanta ag an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn go gníomhach.